Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
Ag obair sna tolláin, bhí siad breá te sa gheimhreadh ach bhí obair chontúirteach iontu. Bhí na daoine a bhí ag obair iontu neamartach go leor fosta in amanna. Is beag fear a maraíodh iontu i gcomparáid leis an méid daoine a bhí ag obair iontu. Bhí léir as an bhaile agus an chuid eile den tír ag obair thall san am sin. Thiomáin sé bus i nGlaschú fosta. Bhí airgead maith go leor le saothrú agus uaireanta breá. | 00:05:22 | |
Nuair a phill sé na bhaile thosaigh sé siopa ach ní raibh mórán suim aige ansin agus d’fhág sé an siopa ag a athair le reáchtáil, b’fhearr leis a bheith ag obair amuigh. Thiomáin sé leoraí bloc agus gaineamh do fhear a raibh cairéal aige i mBaile na Finne ar feadh dhá bhliain. | 00:01:09 | |
Ina dhiaidh sin thosaigh sé ag tiomáint leoraí an bhainne do fhear as Anagaire, Antoin Ó Domhnaill. Bhí turas fada aige le déanamh ach bhain sé sult as an tiomáint. Bhí sé ag díol bainne ó na Dúchoraidh go Gort an Choirce. | 00:02:02 | |
Thosaigh sé ar thógáil tithe i gcuideachta a chol ceathrar- téann Dinny chun gcúil seacht nglúin ina raibh obair thógála. Bhí deontais Roinn na Gaeltachta ar fáil san am agus bhí na daoine ar shiúl in Albain ag cur airgid na bhaile agus bhí na daoine sa bhaile ag bisiú agus ag tógáil tithe úra. Bhí sé ag siúinéireacht ansin. Bhain sé sult as an obair sin fosta. | 00:02:44 | |
Chaith Dinny blianta ag obair i dteach an uisce thuas ag Loch Caol leis an Comhairle Contae ag cur ceimicí san uisce. Thosaigh sé ansin in 1971 agus chaith sé an chuid eile dena shaol oibre ansin. Cur síos ar a am ansin. | 00:09:23 | |
Níl an talamh iontach maith i Rann na Feirste. Talmhaíocht i Rann na Feirste; ag baint mhóna. Bhí siad ag baint a slí beatha nuair a bhí Donnchadh ag fá suas. Glasraí agus preátaí, bainne, ag leasú an talaimh le feamnach. Bhíodh na mná ag talmhaíocht chomh maith leis na fir. | 00:02:32 | |